Clár Oibríochta um Infheistiú i gCaipiteal Daonna 2007-2013

Is plean €1.36 billiún é an Clár Oibríochta um Infheistiú i gCaipiteal Daonna (CO ICD) 2007-2013, ina dtugtar tacaíocht do riachtanais an mhargaidh saothair agus fhorbairt an chaipitil dhaonna in Éirinn don tréimhse 2007-2013. Leagann sé amach na socruithe ginearálta do bhainistíocht airgeadais don Chlár chomh maith. Tá an Clár ag teacht i gcomharbacht ar an gClár Oibríochta um Fhorbairt Fostaíochta agus Acmhainní Daonna 2000-2006 (CO FFAD) agus is é an t-aon bhonn lena gcuirfear CSE i bhfeidhm in Éirinn le linn thréimhse cláraithe 2007-2013. Leagann an CO ICD amach an comhthéacs, an réasúnaíocht, na cuspóirí agus na bearta straitéiseacha riachtanacha atá le bheith curtha i bhfeidhm, chomh maith leis na socruithe ginearálta airgeadais agus bainistíochta. Is féidir téacs iomlán an CO ICD a fheiceáil agus a íoslódáil thíos, in éineacht le téacs chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh a thug éifeacht don Chlár.

Is ionann an Clár agus dhá réimse leithleacha infheistíochta a chuireann le cuspóirí iomlána an Chláir. Tá eolas níos mionsonraithe ar na réimsí infheistíochta ar leith sa Chlár leagtha amach i dtéacs an Chláir Oibríochta.

 
Made by Arekibo